Dóchas nó Dúchas, cé acu is fearr?

 Seo alt ó mo chartlann.

Sríobhadh an t-alt seo don nuachtán ‘Lá’ nua tuairim ar 6 bhliain ó shin, tháinig athrú ar chorr-rud ar an tsaol (agus ar mo chumas scríbhneoireachta!) ach seasaim leis i gcónaí.

Ní cainteoir dúchais mé, bhál déanta na fírinne is cainteoir dúchais Béarla mé ach thuig tú go láithreach caidé a bhí i gceist agam mar gheall ar an ómós a thugann muid don fhriotal cainte sin i saol na Gaeilge.  Ar ndóigh, cha bhím i mo chainteoir dúchais choíche, ní féidir a fhoghlaim, dúchas atá ann.
Cha cainteoirí dúchais Gaeilge an mórchuid againn faraor, fiú i measc an 100,000 nó mar sin a bhaineann úsáid as an Ghaeilg mar ghnáth-theanga is mionlach iad a thugtar ‘cainteoirí dúchais’ orthu.
Sin uilig ráite, tá mé sásta go leor de bhrí gur ‘cainteoir dóchais’ mé agus chomh tábhachtach is atá an dúchas is tábhachtaí an dóchas i gcónaí dar liomsa.
Ar ndóigh, is féidir a bheith i do chainteoir dóchais agus i do chainteoir dúchais ag an am ceánna ach is léir domhsa cibé ar bith gur doiligh an rud é a dhéanamh.
Creidim go bhfuil galar an éadóchais i réim i gcuid mhór de na Gaeltachta dá bhfuil fágtha againn. Ní ghabhaim aon leithscéal as sin a rá agus cuirim an cheist : caidé is fiú an dúchas gan dóchas?

Más féidir cainteoir dúchais atá saor ón éadóchas ceánna, ní féidir an duine sin a shárú mar ghníomhaire Gaeilge nó mar chainteoir dóchais ach is é fáth mo bhróin  gur doiligh a bhfáil in amanna.

Creidim go bhfuil barraíocht ómós againn don chainteoir dúchais in amanna, daoine a bhfuil an Ghaeilg acu trí thimpiste i ndeireadh na dála. Bíonn meas as cuimse againn mar fhoghlaimeoirí ar chainteoirí dúchais agus ar bhealach ba chóir – Tá an cheart acu, ó thaobh an teanga de.
Ar cheart dúinn mar ghníomhairí meas as cuimse a bheith againn ar leithéidí Séamas Ó Grianna cuirim i gcás? Fear a dhiúltaigh labhairt lena chomh-Éireannaigh i nGaeilg dá mba rud é nach raibh an teanga ó dhúchais acu, fear a throid in éadán na Gaeilge mar bhall den ‘LFM’, fear a bhí gafa leis an éadóchas. Muise, cha raibh mórán de mheas aige ar ár leithéid!
Ba chóir meas a bheith againn do dhaoine mar dhaoine, de thoradh ar charachtar s’acu, mar gheall ar thuairimí s’acu agus mar sin, chan de bhrí go bhfuil Gaeilg ó dhúchas acu amháin.
Cad chuige a bhfuil seo tábhachtach dar liomsa? Títear domhsa go bhfuil dlúthbhaint eadar cáil Gaeilgeoirí san iarGhaeltacht agus le háiteanna nó le daoine áirithe sa Ghaeltacht, baint atá tábhachtach leis an dúchas a thógáil ach is minic a thógtar an éadóchas leis.
Tá aithne agam ar dhaoine mar shampla a dhiúltaigh Gaeilge a labhairt liom de bhrí gur thosaigh daoine sa Ghaeltacht ag labhairt Béarla leo le blianta beaga anuas. Amadáin a deirimse. Táthar ann a  chreideann gur rud dúchasach an éadóchas ag an phointe seo!
Dar liomsa, is fearr Gaeilg chrua lochtach ghránna bhriste má tá sí a labhairt mar theanga bheo ná an Ghaeilg is binne blasta má luíonn an Ghaeilge sin ina codladh istigh in intinn duine nach bhfuil sásta í a úsáid tríd náire nó trí an éadóchais fhéin.

Tá an Ghaeilge ag meath (ag fáil bháis?) sna Gaeltachta de bhrí go gcreideann daoine go bhfuil sí ag fáil bháis, dá mba rud é gur creideadh go forleathan go bhfuil sí ag fás, bheadh sí ag fás, tá sé chomh simplí sin. Easpa dóchais.

Is féidir comparáid a dhéanamh eadar cás na Gaeilge agus cúrsaí eacnamaíochta agus muinín an tomhaltóra. Go bunúsach, bíonn cúlú eacnamaíochta ann de bhrí go gcreideann daoine go mbeidh sé ann.

Is é sin an rud atá ag titim amach ó thuaidh sna Sé Chontae dar liomsa : creideann daoine go bhfuil an Gaeilge ag fás, mar sin de, tá sí ag fás, fiú in áiteanna iarGhaeltachta inar mhair rian de ghalar an éadóchais go dtí blianta beaga anuas. Maireann an éadóchas níos faide ná an teanga fhéin de réir cosúlachtaí.
Is trua go mór liom nár tógadh le Gaeilg mé agus tá éad orm le cainteoirí dúchais go cinnte ach i ndeireadh na dála is fearr dóchas ná dúchas.

Tógann an cheist seo thuas ceist eile, is é sin ‘caidé is cainteoir dúchais ann?’,

Caidé is cainteoir dúchais ann?
Tuigtear don teangeolaíocht gurb ionann do theanga dúchais agus an chéad teanga a labhair tú riamh agus gur cainteoir dúchais an teanga sin thú, ach ní mar sin tá sé in Inis Fáil.
Is é an dóigh a bhfuil rudaí in Éirinn inniu ná gur féidir le páiste a bhfuil Gaeilg amháin acu a bheith ann, gan focal Béarla ina a p(h)luc, ach gan a bheith ina c(h)ainteoir dúchais Gaeilge ag an am ceánna de bhrí go bhfuil an tuigbheáil ann go forleathan nach féidir cainteoir dúchais taobh amuigh den Ghaeltacht.
Más fíor buan an ráiteas sin, ní féidir athbheochan na Gaeilge ar chór ar bith. Smaoinímis air ar feadh soicind.
Muna féidir linn cainteoirí dúchais úra a chruthú taobh amuigh de Ghaeltacht ag cainteoirí úra Gaeilge. Tá an cath caillte go hiomlán. 
Caidé is fiú an teanga a fhoghlaim mar dhara theanga sa cás sin fiú. Caidé is fiú an Ghaeilge a theagasc do na mílte i rith an ama gan iad a spreagadh leis an teanga a úsáid sa bhaile?
Caidé is fiú gramadach fhoirfe a bheith ag duine muna bhfuil a chuid pháiste ábalta ‘caidé mar atá tú’ a rá?
Creidim go dtuigeann cuid mhór daoine a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad teanga an deacracht seo.  Cha mhaíonn an chuid is mó de na daoine a tógadh le Gaeilg a bhfuil aithne agamsa orthu cibé ar bith gur cainteoirí dúchais iad.  Mothaíonn siad nach bhfuil siad cáilithe, fiú na daoine a bhfuil cuimhin acu ar a bheith gan Béarla!
Títear domhsa gurb fearr leo, ‘tógadh le Gaeilg mé’ a rá ná ‘is cainteoir dúchais Gaeilge mé,’ de bharr nach nglactar iad mar chainteoirí dúchais iad i gcónaí.
Mar sin de, tá na mílte daoine ann a tógadh leis an teanga agus cuid acu a bhí aonteangach fiú tráth dá raibh, nach féidir a rá gur cainteoirí dúchais iad de bhrí nach labhraíonn siad canúint thraidisiúnta Ghaeltacht éigin, fiú dá dtógadh iad sa Ghaeltacht!
Anois, má chreideann tú fhéin nach cainteoirí dúchais iad, caidé atá iontu mar sin? An bhfuil teanga ar bith ó dhúchais acu? An bhfuil siad fágtha i liombó teanga?
Caithfidh muid stop a chur leis an dóigh smaointeoireachta seo. Dá mba rud é gur tógadh le Gaeilge thú, is cainteoir dúchais thú. Sin an chiall atá leis an téarma go hidirnáisiúnta agus is é sin an chiall ab chóir a bheith leis in Éirinn.
Seans nach cainteoirí dúchais Ghaoth Dobhair, Dhún Chaoin, nó Ros Muc iad ach is cainteoir dúchais Gaeilge iad go fóill.
Níl mé a rá nár cheart idirdhealú a dhéanamh ó thaobh cúrsaí acadúla nó scoile de, ach sin iad na haon áiteanna ab chóir go mbeadh sé.  
Beatha teanga í a labhairt le páistí
Caidé as a bhfuil an cheist áistíoch seo tábhachtach domh ar scór ar bith? Má tá, is é mo thuairim ná go dtugann an idirdhealú seo leithscéal do ‘ghníomhairí’ Gaeilge nach dtógann a gcuid páistí le Gaeilg, ‘sure I’m not a native speaker’. Sin seafóidis dar liom.
Is furasta a aithint nach gcuidíonn an nós seo le hiarrachtaí leis an teanga a athneartú.
Ní gnaithe s’agamsa ar chór ar bith ar ndóigh cén teanga a labhraíonn teaghlach ar ndóigh agus ní teanga an rud is tábhachtaí i dteaghlach ná baol air,  ach mar ghluaiseacht, más gluaiseacht sinn go seadh, caithfidh muid líon na bpáistí a bhfuil Gaeilge acu a mhéadú. Is é sin mar a mhaireann gach teanga eile sa tsaol seo.
‘Níl mé i mo chónaí sa Ghaeltacht’, ‘Ní cainteoir dúchais mé’, ‘Níl Gaeilge ag mo fhear’, ‘Níor mhaith liom mo pháiste a bheith difriúil’, ‘Níl mo chuid Gaeilge maith go leor’.  Is leithscéalta iad seo.
Deirtear ‘Beatha teanga í a labhairt’ go minic, ach ní minic a deirtear an seanfhocal ina hiomláine – Beatha teanga í a labhairt le páistí.  Agus má thógtar páistí le Gaeilge, is cainteoirí dúchais iad.
I ndeireadh na dála, ní ach ‘aguisíní’ iad na gníomhartha eile. Is féidir a bheith ag eagrú rudaí beaga, ag crochadh comharthaíochta, ag teagasc Gaeilge, ag ól trí mheán na Gaeilge, ag reáchtáil coláistí Gaeltachta, ag bunú Gaelscoileanna fiú ach ní dhéanann sé agus ní dhéanfaidh sé pioc difear ar bith má theann duine abhaile chun páistí a thógáil le Béarla.
Theip ar athbheochan na Gaeilge, a bheag nó mhór, go dtí seo de bhrí nár thóg na mílte daoine a d’fhoghlaim an Ghaeilg a gcuid páistí le Gaeilg. Má leantar ar aghaidh ag déanamh an rud ceánna, ní féidir go mbeadh aon toradh difriúil ann.
Seans go bhfuil sé sin conspóideach, ach an féidir a bhréagnú?

Leave a comment