Why would anyone write in Irish?

Is iriseoir Béarla mise go príomha ach is fearr liom feidhmiú i nGaeilge.
Is maith liom scríobh agus smaoineamh inti mar is maith liom an teanga mar theanga cé nach purist mé in aon chor agus tá tuairimí agam ar scríobh na Gaeilge nach bhfuil sa lár-sruth.
Ach seo an rud, is beag daoine a léann Gaeilge, fiú iad siúd a labhraíonn í gach lá.
Ach tá a fhios agam nach léifidh mórán daoine mo shaothar inti murabhfuil baint aici leis an teanga í féin.
Seo an rud, thiocfadh liom mí a chaitheamh ag scríobh píosa sa Ghaeilge nach mbaineann léi agus fios maith agam go léifidh 20 duine é – cad is fiú?
Nó thiocfadh liom tuairim sheafóideach a scríobh, taobh istigh de 20 bhomáinte, agus léifidh 1000 duine é – b’fhéidir 4,000.
Cuirimse an cheist orm féin ar maidin,
Why would anyone write anything not linked to the language itself in Irish?
Níl freagra ar an cheist sin agam.
Is é an t-aon dóchas atá agam don teanga scríofa ná na comhráití a bhíonns ag dul ar aghaidh ar Twitter.

Mar sin féin, le seirbhís nuachta as Gaeilge ó RTÉ ar a bhealach, tuairisc.ie ar na bacáin (le seoladh ar an 17 Meán Fómhair, eagrán na aghaidh na seachtaine a chuala mé) iris nua ‘trom’ beartaithe ag an Fhoras agus ar ndóigh deontas nua ag Nós – tá go leor ábhar dóchais ann.

Anawa, am away here t’write suthin in Irish about Irish – it just market economics and I have to make a living.  

Advertisements

One thought on “Why would anyone write in Irish?

  1. Bhuel, ar léigh tú Dán Dóibh Siúd a Thuilleann É mar a mhol Aonghus duit? Ait nár léigh tú é agus é foilsithe san eagrán dheireanach de Gaelscéal :):)

    Like

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s