Logainmníocht, An Pholaitíocht agus an Chéad Suirbhéireacht Ordanáis

<!–[if !mso]>st1\:*{behavior:url(#ieooui) } <![endif]–>
[Foilsìodh an pìosa seo cheanna roinnt blianta ò shin ar an tUltach]

Is beag gné den logainmníocht in Éirinn a fuair níos mó aird acadúil agus eile, taobh amuigh de shanasaíocht agus bunús na logainmneacha iad féin ná an dóigh a phlé an British Ordnance Survey le cúrsa logainmneacha sa chéad Ordnance Survey of Ireland, 1824-1846.
D’ainneoin an méad aird seo, ní thuigtear mar is ceart na haidhmeanna nó modhanna oibre na Suirbhéireachta Ordanáis nó an toradh a bhí ar an obair sin i measc an phobail go coitianta nó i measc lucht acadúla fiú, taobh amuigh iad siúd atá sáite ann.
Tá sé anois mar chuid de sheanchas polaitíochta na tíre gur ghalldaigh an tSO logainmneacha na hÉireann agus gurbh é sin an chúis a bhí leis. Tá locht ar an tuiscint sin áfach.

Bunú agus cuspóir na Suirbhéireachta Ordanáis
Ba bheag an bhaint idir logainmneacha agus bunchúis na Suirbhéireachta ar chór an bith. Déanta na fírinne ba chúis eacnamúil polaitiúla leis. Ba thionscadal léarscáilíochta é a cuireadh ar bun chun deacrachtaí luacháil talún agus cánachas talún a shárú, agus deacrachtaí leis an County Cess’ a réiteach ach go háirithe.[1]
Ba cháin é an ‘County Cess’ a baineadh úsáid as chun na tithe cúirte, droichid, bóithre agus príosúin a thógail agus chun oifigigh áitiúla a íoc. Gearradh é dar le hábaltacht dhaoine a íoc go teoiriciúil. Rinneadh an cumas seo a mheas dar le luachanna inrátaithe na mbailte fearainn áitiúla, glacadh go raibh fios maith ann ar theorainneacha na mbailte fearainn seo.[2]
Ba cheist mór é an cánachas áitiúil ag tús an 19ú Chead in Éirinn. Chreid cuid mhór tiarnaí talún go raibh orthu barraíocht cáin a íoc mar thoradh ar luachála neamhchruinn agus easpa eolais cruinn maidir leis an mhéad talamh a bhí acu. Chonacthas dóibh gurbh fhéidir le léarscáileanna úra cruinn na fadhbanna seo a réiteach agus rinne siad an-bhrústocaireacht ar son suirbhéireacht nua agus ar son luacháil nua ar fud na tíre.
Bunaíodh an Ordnance Survey Office’ nó an ‘Ordnance Survey,’ mar a thugtaí is a thugtar air go coitianta i 1824 chun fud fad na hÉireann a léarscáiliú ar scála 6 orlach amháin le míle agus lean sé leis go 1846. San áireamh bhí scéim chun léargas eitnea-grafacha ar théamaí stairiúla agus seandálaíochta comhaimseartha a scríobh. Cuireadh an tSuirbhéireacht ar bun le hordú díreach ó Rúnaí Bhord an Ordanáis mar gheall ar mholadh an ‘Spring Rice committee,’ coiste parlaiminteach a raibh an tiarna talún Éireannach Thomas Spring Rice mar chathaoirleach air. Bunaíodh an coiste seo ‘to report on the best means of providing a general survey and valuation of Ireland’.[3]  Ba leor moladh an choiste seo chun an tSuirbhéireacht a bhunú agus ní dhearnadh aon díospóireacht ar an tuairisc i bParlaimint na Breataine.
‘it caught and expressed the drift of public opinion, and it was not considered necessary for parliament to debate the committee’s report or for the treasury to go through the formality of endorsing its conclusions with a minute’.[4]
Buanaíodh an ‘Ordnance Survey Office’ ansin mar oibríocht de chuid Arm na Breataine faoi stiúir na Royal Engineers faoi cheannasaíocht an Chornail Thomas Colby ó 1824 go 1846 nuair a cuireadh i gcrích é, ba mhaorghinearál é Colby fá dheireadh na Suirbhéireachta. Tháinig na fir liostáilte as na Royal Sappers and Miners. Tagann an teideal ‘Ordnance Survey’ ó Bhord an Ordanáis a bhí mar ról acu chun plé le cosaintí agus le daingniúcháin. Níl sé mí-réasúnta mar sin cuspóir militeach éigin a thaisealbhadh dó.
Dar le Mac Aodha rinne Andrews a bheag den chuspóir míleata taobh thiar den tSuirbhéireacht. Dar leis, chaithfeadh sé go raibh Éirí Amach na nÉireannach Aontaithe i 1798 chun cinn i smaointeoireacht mhíleata Shasana ag tús an 19ú chéad.[5]Tá léarscáileanna bheachta ina n-áiseanna riachtanacha d’airm, go háirithe ó thaobh cosaint cóstaí agus úsáid bheacht airtléire de.  Glacann Andrews áfach go raibh an tSuirbhéireacht Ordanáis fá smacht polaitiúil éigin :
it was understood that these orders must take account of the Irish government’s opinions on domestic issues … the lord-lieutenant for his part was expected to give due weight to local Irish opinion as expressed by the grand juries, while both Irish government and ordnance were subject to general public control when the Irish and ordnance estimates were debated in parliament’[6]
Ach cheanna, ní léir cad atá i gceist ag Andrews leis an tearma ‘the Irish government’. Sa tréimhse seo bhí Éire ar fad faoi smacht díreach Londain agus ní raibh parlaimint ag Éire. De bhrí sin, ba oibríocht de chuid Arm na Breataine é agus i ndeireadh na dála bhí sé freagrach do Pharlaimint na Breataine amháin.  Is doiligh a thuigbheáil conas arbh fhéidir le Andrews cur síos a dhéanamh ar na hArd-Ghiúiréithe mar ‘local Irish opinion,’ mar ba bheag nach raibh orthu ach na móruaisle talún. Níl barúil thromlach na nÉireannach san aireamh in aon chór ach sin an dearcadh a bheadh ag na h-aicmí cheannais sa 1830í mar sin féin.
Cartagrafaíocht, Ortagrafaíocht agus Modh Oibre na Suirbhéireachta Ordanáis
Ó thaobh na logainmneacha de, is é an rud is suntasaí a rinne an tSuirbhéireacht ná gur socraíodh na foirmeacha ghallda agus Béarla atá in úsáid ar gach léarscáil de chuid na Suirbhéireachta ó shin. Mar thoradh ar an tSuirbhéireacht, tá na foirmeacha ghallda de logainmneacha na hÉireann socraithe go bunúsach. Seachas Derry / Londonderry agus corr mionsampla, ní bhaineann aon chonspóid leis na foirmeacha seo.
Is ríthábhacht a thuigbheáil nár chuir an tSuirbhéireacht Ordanáis tús le galldú logainmneacha na hÉireann, ní dhearna sé ach an bailchríoch a chur le próiseas a bhí ar bun leis na céadta bliana.[7]Ba é an rud a rinne an tSO áfach ná an litriú gallda a chaighdeánú chun foirmeacha oifigiúla a chur ar fáil fá choinne na léarscáileanna. Ach cheánna, is fíor go raibh an próiseas sin ar bun fá am na Suirbhéireachta ó thaobh na mbailte móra de ach ní raibh sé chomh forbartha sin maidir leis na bailte fearainn agus mion-logainmneacha de. I dtaca leo siúd, b’fhéidir go mbíodh eagrais ar nós an tArd-Ghiúiré (the Grand Jury), Eaglais na hÉireann agus an Eaglais Chaitliceach ag baint úsáid as foirmeacha éagsúla.[8]
D’eisigh Maorghinearál Colby na treoracha a leanas maidir leis an dóigh a phléifeadh an tSuirbhéireacht  le logainmneacha,
‘Persons employed on the survey are to endeavor to obtain the correct orthography of the names of places diligently consulting best authorities within their reach.’[9]
Níorbh ionann an t-ortagrafaíocht cheart a bhí ag taisteal ó Colby agus an bunlitriú Gaeilge ar ndóigh, ach an leagan gallda ‘is cirte’. D’fhoilsigh an Capt. Thomas Larcom, Leascheannasaí na Suirbhéireachta Ordanáis in Éirinn an cuntas gairid a leanas ar mhodh oibre oibrithe allamuighna Suirbhéireachta i 1844.
In order to ascertain the correct names of places for the engravings, that they might become a standard of orthography as well as topography, numerous maps, records, and ancient documents were examined, and copious extracts made from them. In this manner a certain amount of antiquarian information has been collected relating to every place, parish, and townland in Ireland – more than 60,000; and various modes of spelling them at different times has (sic) been recorded. When these investigations were complete, it was usual to send a person thoroughly versed in the Irish language to ascertain from the old people who still speak the language, what was the original vernacular name,         and we then adopted that one most consistent with the ancient orthography,      not venturing to restore the original and often obsolete name, but approaching as near to correctness as was practicable.[10]
Dar le Andrews bhí modh oibre Larcom réasúnach, scolártha agus praiticiúil agus gur léirigh sé meas dea-intinneach don ‘Irishness of Irish place-names’ (Andrews 2006, 122). Bheadh an cur síos seo cothrom go leor má ghlactar gurbh cheart na logainmneacha a ghalldú sa chéad dul síos ach ní luífeadh sé leis an dearcadh nár cheart a ngalldú agus gur cheart an bunleagan a úsáid in athuair. Dar ndóigh, ní raibh idir saineolas ar logainmneacha nó ar an Ghaeilge féin ag innealtóir de chuid Arm na Breataine.
Chun an fhadhb seo a réiteach go dtí pointe áirithe, rinne Larcom rud a chur Andrews síos air mar dhianbheart. Rinne sé iarracht an Ghaeilge a fhoghlaim é féin. B’fhéidir cur síos ar bheart Larcom mar ghníomh stuama áfach os rud é go raibh an Ghaeilge a labhairt go forleathan go fóill agus de bhrí go raibh sí mar chéad teanga ag na milliúin Éireannaigh ag an am agus ar ndóigh agus de bhrí go bhfuil bunús Ghaeilge ag an mórchuid is mó de logainmneacha na hÉireann.
An tSuirbhéireacht Ordanáis agus an Roinn Topagrafach i gcomhthéacs
John O’Donovan
Ba luath a d’éirigh Larcom as a bheith ag dul don Ghaeilge agus a roghnaigh réiteach eile áfach – fostú scoláirí Gaeilge nó ‘toponymic field workers’ a bheadh mar shaothar acu chun an bunchiall teangeolaíochta le logainmneacha a bhunú is a shocrú. Fá dheireadh, cruthaíodh an Roinn Topografach (OS Topographical Department) as na daoine seo. Ba iad an bheirt scoláirí is mó clú a bhí fostaithe ag an tSuirbhéireacht ná John O’Donovan (1806-61) agus Eugene O’Curry (1794-1862). Bhí ról ar leith ag an roinn seo, agus ag John O’Donovan ach go háirithe i dtaca le caighdeánú na bhfoirmeacha gallda de na logainmneacha de.  Bhunaigh sé an próiseas seo a bheag nó a mhór ar cibé ciall a thuig sé don bhunleagan Gaeilge.
Tá ‘náisiúntóir cultúrtha’ tugtha ar O’Donovan agus ar O’Curry beirt.[11]Bhí dúil agus meas ag an dís acu, agus ag O’Donovan ach go háirithe ar an Ghaeilge liteartha agus ar thraidisiúin Gaelacha arsa. Mar sin de, b’fhearr cur síos ar an dúil agus ar an mheas seo mar ársaíocht, ní féidir náisiúnachas cultúrtha a chur air.
Níor léirigh ceachtar acu riamh gur chreid siad ina athbheochan nó in athneartú na Gaeilge mar a chreid Conradh na Gaeilge ar ball agus mar a chreideann an chuid is mó d’eagraíochtaí Gaeilge inniu, thóg siad beirt a gcuid páistí le Béarla amháin mar shampla.
Ní raibh an tSO saor ó chlaonadh i gcoinne na Gaeilge a bhí i réim san am, bhí dearcadh diúltach i leith na teanga ag baill áirithe den fhoireann a raibh Gaeilge acu fiú. Caithfear dearcadh O’Donovan a thuigbheáil i gcomhthéacs an chúlra seo. Mar shampla, tuairiscítear gur thug O’Donovan ‘local jargons’ ar an Ghaeilge labhartha na haimsire sin,[12]rud a chuireann in iúl go raibh dímheas aige ar na canúintí labhartha i gcomparáid leis an Ghaeilge liteartha ach ba é seo circa 60-70 bliana sular thosaigh idir gníomhairí agus scoláirí Gaeilge ag tabhairt urraime do ‘chaint na ndaoine’ ag tús an 20ú chéad.  B’fhéidir a argóint go raibh daoine ar nós O’Donovan a raibh meas acu ar an teanga is a thuig go raibh luach aici réamhriachtanach do dhearcadh na hathbheochana a tháinig ina ndiaidh.
Caithfear a thuigbheáil áfach nárbh mionteanga í an Ghaeilge ‘but a majority language of low status[13]sa tréimhse 1824-46. Cé go raibh meath uirthi cheánna, níor bhuail an Gorta Mór go fóill.
Le linn na 22 bliana ina raibh an tSuirbhéireacht ag feidhmiú lean an teanga ag cúlú léi ó Oirthear na hÉireann ach go háirithe. Fós féin áfach, bhí sí a labhairt go forleathan go fóill, mar shampla chuaigh baill foirne na Suirbhéireachta i ndáil chomhairle le cainteoirí dúchais Gaeilge i nGleann an Smóil, Co. Bhaile Átha Cliath fiú.[14]D’ainneoin an cúlú ó thaobh méad na tíre ina raibh sí a labhairt go fóill, tá féidearthacht ann gur chuir méadú tapaidh an daonra leis an mhéad cainteoirí san iomlán go dtí go raibh tuairim is 4 mhilliúin chainteoirí Gaeilge ann díreach roimh theacht an Drochshaoil, nós mó cainteoirí Gaeilge ná mar a bhí ann riamh roimhe.[15]Uime sin, ba é an bunleagan Gaeilge a bhí a úsáid ag na ‘daoine áitiúla’ i gcuid mhór den tír seachas foirmeacha a  bhí in úsáid ag an tArd-Ghiúiré mar shampla.
Cháin de hÓir an litriú Béarla a úsáideadh sna foirmeacha a roghnaigh an tSO  ar an ábhar nach féidir leis an bunleagan Gaeilge a chur in iúl ó thaobh teangeolaíochta de, i. ní féidir leis an litriú Béarla cuid fuaimeanna Gaeilge a léiriú agus nach féidir fios a thabhairt ar cá huair a thiteann an bhéim ghutha.[16]Lean sé leis chun a bharúil a nochtadh ná gurbh é  an réiteach is fearr ná an litriú Gaeilge a úsáid, litriú a bheadh ábalta na fuaimeanna a chur in iúl.
Tá an réiteach sin chomh soiléir ceánna is a bhíodh sé dochoincheaptha go polaitiúil ag an am mar a admhaíonn de hÓir é féin agus ‘it would have meant rejecting what had been the general practice of non-natives since the Norman invasion of Ireland.’ [17]
Déanta na fírinne, is dócha go mbeadh sé chomh dochoincheaptha ceánna an lá atá inniu ann fosta.
Tá sé ráite ag comharba s’aige mar cheannaire ar Bhrainse Logainmneacha na hÉireann, Art Ó Maolfabhail, ‘mapping under a British administration took no cognizance of the existence of a Celtic Irish-language tradition in Ireland’.[18]Is féidir go bhfuil sé ag déanamh tagairt don easpa Gaeilge ar léarscáileanna foilsithe ag an tSuirbhéireacht mar tá léirmheas fabhrach déanta aige ar an chaoi a d’aithnigh an tSuirbhéireacht an tábhacht le heolas a bhailiú maidir leis an bhunchiall le logainmneacha agus an dóigh a fuaimníodh iad mar chuid den a gcuid oibre :
Ó thaobh na logainmneacha de … ní féidir a shéanadh go ndearna an tSuirbhéireacht Ordanáis iarracht chun scrúdú staidéartha a dhéanamh ar logainmneacha na hÉireann… Is mór an chreidiúint don tSuirbhéireacht Ordanáis gur aithníodh a riachtanaí is a bhí sé ar son an chruinnis go gcuirfí eolas agus foghraíocht thraidisiúnta na Gaeilge an áireamh mar chuid d’obair na Suirbhéireachta agus gur beartaíodh dá réir.[19]
Rinne Andrews cur síos ar an tSuirbhéireacht mar ‘pro-Irish.’ Dar leis, ba dhearfach iad na foirmeacha a roghnaigh an tSuirbhéireacht agus na modhanna oibre a baineadh úsáid astu chun na leaganacha seo a chódú. Shíl sé gurbh fhianaise iad go raibh meas ag an tSuirbhéireacht ar an Ghaeilge.[20] Is dócha go mbeadh tuiscint Andrews ar cad is ‘pro-Irish’ ann an-difriúil ón tuiscint a bheadh ag lucht na Gaeilge na linne seo, agus ó thuiscint rialtas na hÉireann fiú. Mar shampla, tá sé curtha in iúl aige gur shíl s go mbeadh an dearcadh ar son léarscáileanna lánGhaeilge don Ghaeltacht, may perhaps be regarded as an extreme view’.[21]
Níor aontaigh gach duine le polasaithe na Suirbhéireachta ó thaobh logainmneacha de san aimsir sin fiú, bhí daoine áirithe ag iarraidh go mbeadh na logainmneacha scríofa i nGaeilge, ba é Thomas Davis, ceannaire na gluaiseachta Young Ireland an duine a ba shuntasaí acu siúd, agus é ag scríobh sa Nationin 1844 :
Whenever those maps are re-engraved, the Irish words, will, we trust, be spelled in an Irish and civilised orthography, and not barbarously, as at present.[22]
Níorbh chainteoir Gaeilge Davis é féin ar íoróin an tsaoil. Rinne Dubhghlas de hÍde aithris ar an éileamh seo i 1892 agus chuir sé in iúl i The Necessity for De-Anglicising Ireland gurbh mhian leis go dtabharfadh rialtas dúchasach Éireannach na leagain Gaeilge de logainmneacha ar ais, is dócha gur ag deanamh tagairt d’úsáid oifigiúil agus do léarscáileanna a bhí sé.
B’fhéídir a rá gur ghlac an tSaorstát agus an Phoblacht a tháinig mar chomharba air moladh de hÍde go dtí pointe áirithe. B’fhéidir obair an Bhrainse Logainmneacha, cuid den Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a mheas mar chuid den ‘restoration’ seo, ‘Déanann an Brainse Logainmneacha taighde ar logainmneacha na hÉireann agus cuireann sé foirmeacha údarásacha Gaeilge díobh ar fáil’ ach is dócha go gceapfadh de hÍde go mbeadh bunús na hoibre críochnaithe fán ama seo. Bhí an Brainse Logainmneacha mar chuid de Ordnance Survey Ireland (ba shuntasach nár mhothaigh mé leagan Gaeilge den ainm nó de shuíomh s’acu is mé i mbun taighde don alt seo). D’ainneoin aidhmeanna an Bhrainse áfach, is beag Gaeilge atá le fail ar léarscáileanna de chuid Ordnance Survey Ireland, an chuid atá ann tá sé neamhrialta agus is minic botún ann, go háirithe taobh amuigh de cheantracha Gaeltachta.

            Cáineadh lucht Albainis Uladh ar an tSuirbhéireacht

Le blianta beaga anuas, tuairíscítear go bhfuil an chéad Suirbhéireacht Ordanáis a cháineadh ag grúpaí Albainis Uladh. Tá M.Litt scríofa ag an tíreolaí David Polley ar logainmneacha Albainis Uladh in Ultaibh a thugann critíc úsáideach dúinn ón dearcadh Albannach-Ultach.
Dar le Polley, agus é ag déanamh tagairt do na foirmeacha de logainmneacha a roghnaíodh an tSuirbhéireacht, ‘Ulster-Scots may have been ‘edited out’ of the official place-name record.’.[23]Mar shampla, agus é ag déanamh tagairt do Chill Ghobáin, Aird Uladh, Co. An Dúin, deir sé ;
Despite a two hundred year history of use the Kirk form was dropped by the Ordnance Survey (specifically John O’Donovan), on the grounds that it ought to be Kircubbin … The old (and more Scots) of Kirkcubbin is still used by the Presbyterian church and the Orange lodge in the village, and this off hand swipe by O’Donovan is often quoted to show his bias against the Ulster-Scots language.[24]
D’ainneoin sin áfach, mar a scríobh O’Donovan féin, dá mba rud é gur lean sé an ghnáth modus operandi na Suirbhéireachta sa cás seo, is é ‘Carcubbin’ an leagan a roghnódh sé.[25] Is fíor áfach gur chuir O’Donovan dearcadh diúltach in iúl ar a chuir sé cur síos air mar theanga ‘Scotch’. Mar shampla, rinne sé cur síos ar Hurtletoot, Co. Aontroma mar  Scotch barbarism’. Ach is léir nach raibh mórán meas ag O’Donovan ar gach logainmneach nua nuair a ghlac na logainmneacha ‘fancy’ seo áit na mbunleagan Gaeilge, beag beann ar cén teanga iad mar a léiríonn an ráiteas seo a leanas uaidh, ‘I trust, if ever we come to publish the ancient Irish work called the Dinnseanchus, we shall be able to recover all the ancient names of our great mountains, which now go under such undignified appellations as Tory Hill, Bessy Bell, Mary Gray, Katty Gallagher &c.’ [26]
Tá an méad ainmneacha bhailte fearainn, an taonad riaracháin is lú in Éirinn, a bhfuil bunús Albainnis acu go measartha íseal, fiú dar le taighde Polley féin. Léiríonn taighde s’aige go bhfuil na ceadatáin d’elimintí Albainise is mó le fáil i mionlogaimneacha, i. logaimneacha neamh-riaracháin. Ba é a mhiniú ar an difríocht idir an méad eilimintí Albainise atá le fáil i mbailte fearainn, aonaid riaracháin, agus i mionlogaimneacha ná gur fianaise é seo nár thaifead an tSuirbhéireacht gach logainm Albainis agus gurbh pholasaí é seo. Tá an míniú seo bunaithe ar mhíthuiscint fá ról na Suibhéireachta áfach, a bhí ina thionscadail léarscáileachta dírithe ar rannán riaracháin. Lena chois sin, mhaolaigh nádúr na Plandála féin na féidearthachta go n-athchuirfeadh logainmneacha Albainise nó Béarla ar bhailte fearainn in áit logainmneacha Gaeilge mar a mhíníonn McKay.[27]
at the beginning of the seventeenth century the native Irish townland unit was accepted by the government as the basic administrative unit and the original townland names were given official status in the grants and patents which conferred legal title to the land. It was therefore something of a legal imperative for the Scottish settlers to adopt the native Irish townland names and it is no surprise that for the most part they followed this course rather than inventing new names of their own.
Is é uchtú an bhaile fearainn Gaelach le haghaidh cuspóirí riaracháin, le leagain den bhunfhoirm Ghaeilge de ghnáth, a mhíníonn easpa logainmneacha Albainise sa Tuaisceart seachas polasaí fuireachair ó thaobh na Suirbhéireachta de. Ach d’ainneoin sin, cé nach bhfuil aon fhianaise ann chun cur in iúl that the Ordnance Survey indulged in a significant under-recording of Ulster-Scots place-names’, is fíor nár thaifeadadh eilimintí Albainise i litriú na hAlbainise ach i mBéarla, mar shampla níor thaifeadadh foirmeacha ar nós brig (bridge) agus loanen (lane) in Albainis ach i mBéarla caighdeánta, an teanga oifigiúil riaracháin de facto.
           
Ba thoisc ríthábhacht ar ghalldú eilimintí Albainise go Béarla caighdeánta nó foirmeacha dhlúthghaolta a úsáid ina n-áit ná gur minic a bhain an tSuirbhéireacht úsáid as na huasalaicmí mar fhoinsí údarásacha.[28]Ní cosúil go dtabharfadh na ‘elites’ seo foirmeacha Albainise don tSuirbhéireacht os rud é gurbh í an Bhéarla chaighdeánta fianaise ar uaisleacht ar ardchéimíocht cultúrtha agus ar oideachas.
Caithfear a chur san áireamh chomh maith ná gur tháinig cuid mhór de na plandóirí Albanach ó cheantracha in Albain ar nós Gall-Ghaidhealaibh agus na Machair ina bhfuil logainmneacha a bhfuil bunús Gaeilge leo mar ghnáthrud. Bhídís breá cleachtaithe le logainmneacha Gaeilge agus seans nár mhothaigh siad go raibh orthu iad a athrú in Ultaibh. 
An Chéad Suirbhéireacht Ordanáis agus an Díospóireacht ar ‘Translations’.
Tagann cuid mhór den ár dtuiscint choitianta chomhaimseartha agus níos suntasaí arís cuid mhór míthuiscint ar an tSuirbhéireacht ó shaothar ficsin, Translationsle Brian Friel a bhí ar an ardán don chéad uair sa Guildhall i nDoire i 1980, seachas ó fhiosrúcháin acadúla.
Radharc as ‘Translations’ le Brian Friel
Bhí tionchar ar leith ag an drama seo thar a luach litríochta agus bhí tiochar ollmhór aige seo ar bharúlacha dhaoine ar an tSuirbhéireacht Ordanáis inniu. Dá bharr sin, tá an drama seo an suntasach maidir le staidéar ar bith ar logainmneacha sa chomhthéacs polaitiúil, beag beann ar an mhíchruinneas stairiúil atá le fáil ann.
Aithníonn Andrews, údar an leabhair is údarásaí ar an tSO A Paper Landscape, tionchar Translations, dar leis ‘Translations has done more than anything else to make the cartography of Celtic names a fashionable subject,’.[29]Maíonn sé go raibh tionchar níos láidir ag TranslationsA Paper Landscape agus go raibh tionchar aige ar thuairimí ‘cartographic scholars … editors of learned journals and … staff members of the Ordnance Survey.[30]
Tá cuma ar an scéal áfach ná go bhfuil meas ag Andrews ar an drama mar litríocht, mhaigh sé, ‘it is undoubtedly the most beautiful and moving account of the Ordnance Survey ever written,’ agus d’admhaigh sé gur scríbhneoir mór é Friel ach téann sé go mór in aghaidh cé chomh dona ó thaobh na staire de is atá Translations.[31]
Tá sé go docht daingean i gcoinne teideal an drama é féin, mar shampla thugann sé ‘untruth’ air.[32]Dar ndóigh, ba chóir cur síos a dhéanamh ar na foirmeacha gallda de logainmneacha Gaeilge mar fhoirmeacha traslitrithe. Mar shampla, is traslitriú é Ballybeg Friel den Ghaeilge Baile Beag, ach ‘little town’ a bheadh air curtha in aistriú dar ndóigh. Ach an mbeadh an ráth ceánna ar ‘Transliterations’ mar dhrama?
Mar sin de, is léir nár chuir Translations isteach ar Andrews mar shaothar liteartha ach chuir sé isteach air gur ghlac serious scholars’ an drama mar ‘as a record of historical truth or at any rate historical probability’:
I found Friel’s inventions effective not just dramatically but in expressing a legitimate attitude to modern Irish history as a whole. That the same inventions were unbelievable if taken literally seemed less important, especially as no commentator was likely to be misled by them … In this last opinion I was soon proved to be totally wrong. Many people do accept Brian Friel’s account of the Ordnance Survey as historically plausible.[33] 
Mar chosaint, titeann Friel é féin siar ar an bhunfhíric go raibh sé ag scríobh ficsin seachas cuntas staire :
Writing a historical play may bestow certain advantages but it also imposes particular responsibilities. The apparent advantages are the established historical facts or at least the received historical ideas in which the work is rooted and which gives it its apparent familiarity and accessibility. The concomitant responsibility is to acknowledge those facts or ideas but not to defer to them. Drama is first a fiction, with the authority of fiction. You don’t go to Macbeth for history.[34]
Is é mo thuairim féin gurbh fhearr Translations a thuigbheáil mar dhramú ar ghalldú na hÉireann agus ar ghalldú logainmneacha na hÉireann san iomlán, thar tréimhse na céadta bliana seachas mar dhrama suite i dtréimhse na Suirbhéireachta Ordanáis amháin.
Tá iomlán na cirte ag Andrews lena mhaíomh gurbh é Translations an tionchar in uachtar ar thuiscint chomhaimseartha ar an tSuirbhéireacht, ar mhodh oibre aige ó thaobh logainmneacha de agus ar an chúlra polaitiúil den mhodh oibre sin. D’ainneoin sin, is cumadóireacht fhicsin é Translations agus ba chóir plé leis mar fhicsean, beag beann ar chumas a lucht féachana san amharclann idirdhealú a dhéanamh idir an fhicsean sin agus fíricí stairiúla.
Iarmairt an chéad Suirbhéireachta Ordanáis
Is dearbhú é ar iarmairt leanúna an chéad SO ná gurbh iad na foirmeacha gallda de logainmneacha na hÉireann a shocraigh oibrithe na Suirbhéireachta na foirmeacha a bhaintear feidhm astu go dtí an lá atá inniu ann ar chomharthaíocht, ar léarscáileanna agus i ndoiciméadúchán oifigiúil sa Phoblacht agus sa Tuaisceart mar aon.
Ba é an chéad Suirbhéireacht Ordanáis an chéad iarracht dairíre rianúil chun staidéar a dhéanamh ar gach ainm bhaile fearainn in Éirinn. Is acmhainní ríthábhachtacha iad Litreacha  na Suirbhéireachta Ordanáis (Ordnance Survey Letters) agus Ainm-Leabair na Suirbhéireachta Ordanáis (Ordnance Survey Name-Books) ach go háirithe do staideár ar logainmneacha na hÉireann agus ar an bhunús atá leo, the Irish forms collected by O’Donovan and his colleagues constitute one of the most important sources of Irish-language placenames ever assembled’ (Mac Giolla Easpaig 2008, 167).
Eolas ó bhéil na ndaoine a bailíodh is a taifeadaíodh iontu, eolas ó Ghaeilgeoirí atá i gceist an chuid is mó den am agus is as ceantracha nach maireann an Ghaeilge dhúchasach iontu inniu atá i dtromlach na cásanna sin faraor. Is mór an oidhreacht é sin.
Tá mé buíoch don Dr. Mícheál Ó Mainnín agus don Dr. Kay Muhr as a gcuidiú maidir leis  an aiste seo.
Leabharliosta  
Andrews, J.H., A Paper Landscape : The Ordnance Survey in Nineteenth-Century Ireland, (Oxford Clarendon Press, 1975) (2001& 2006).
Andrews, J.H. with Barry, Kevin, Brian Friel, and John Andrews, “Translations and a Paper Landscape: Between Fiction and History.” The Crane Bag 7.2 (1983) pp. 118-124.
Andrews, J.H., “More suitable to the English tongue’ The cartography of Celtic Placenames’, Ulster Local Studies XIV, (1992) no. 2, 7-21.
Andrews, J.H., ‘Notes for a future edition of Brian Friel’s Translations,’ The Irish Review,’ xiii (1993)
Andrews, JH., ‘Irish place-names and the Ordnance Survey,’ Cartographica, xxxi, 3 (1994)
de hÓir, E. (1972-3): ‘The Anglicisation of Irish place-names’, Onoma XVII, 192-204.
Doherty, G. M., The Irish Ordnance Survey : History, culture and memory (Dublin : Four Courts Press, 2006)
Dunne, J., ‘The Fenian Traditions of Sliabh-na-m-Ban’ in vol. I of the Transactions of the Kilkenny Archaeological Society (1849-51), pp. 333-62
Mac Aodha, B. ‘A review of A Paper Landscape’ in Anglo-Irish Studies, 1979 p. 107-108.
Mac Giolla Easpaig, D., ‘Placename Policy and its Implementation’ in A New View of the Irish Language, Editors: C. Nic Pháidín & S. Ó Cearnaigh (Cois Life 2008), lgh. 164-177.
McKay, P., ‘Scots Influence on Ulster Townland Names’ in Ainm X (2009), pp. 1-26.
Nash, C., ‘Irish placenames : post-colonial locations’ in Transactions of the Institute of British Geographers, New Series, Vol. 24, No. 4 (1999), pp. 457-480
Ó Cadhla, S., Civilizing Ireland: Ordnance Survey 1824-1842: Ethnography, Cartography, Translation (Irish Academic Press Ltd, 2006)
Ó Maolfabhail (Art): An tSuirbhéireacht Ordanáis agus logainmneacha na hÉireann 1824 34  In PRIA 89 (1989) pp. 37-66.
Ó Maolfabhail (Art): The role of toponymy in the ordnance survey of Ireland
     In ÉtC 29 (1992) pp. 319-325.
Polley, D., Ulster-Scots, Naming Places, unpublished M.litt. thesis, (TCD 2000).


[1] Andrews 2006, 13
[2] Ibid, 13-14
[3] Ibid, 22
[4] Ibid, 31
[5] Mac Aodha 1979, 107
[6] Andrews 2006, 33
[7] de hÓir 1972-1973, 193
[8] Mac Giolla Easpaig 2008, 166
[9] Ibid
[10] Ibid, 167
[11] Crowley 2005, 129
[12] Ibid
[13] Ó Cadhla, 226
[14] Doherty 2006, 144
[15] Ó Tuathaigh, 157
[16] de hÓir  1972-1973, 193
[17] ibid.
[18] Ó Maolfabhail 1992, 321
[19] Ó Maolfabhail 1989, 59
[20] Andrews 1992, 17- 18
[21] Andrews 2006, 298
[22] Mac Giolla Easpaig 2008, 167-168
[23] Polley 2000, 108
[24] Ibid, 109
[25] NIPNP vol. II p. 92, Polley 2000, 109
[26] Dunne 1849-51, 358
[27] McKay 2009, 18-19
[28] Ó Cadhla, 219
[29] Andrews 1992, 18
[30] Andrews 2001, vi (i) – vi (j)
[31] Andrews 1992, 18
[32] Ibid, 19
[33] Andrews 1993, 93
[34] Friel 183, 124
Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s