Ní fheicim todhchaí dearfach roimh an Ghaeilge gan Gaeltachtaí úra a bhunú

Seo alt a d’fhoilsigh mé siar i 2009 in ‘Nuacht 24’. Is eanann seo agus mo dhearcadh pearsanta go seadh.

‘Ní féidir slánú agus todhchaí na Gaeilge a chinntiú gan pobail úra a chur ar bun ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar phríomhtheanga’

Sin ráiteas misin an eagraíochta Baile, a cuireadh ar bun chun ‘Gaelphobail úra a bhunú’.

Tá sé chomh fíor ceánna inniu is a bhí an lá a chum muid é.

Creidim go pearsanta nach bhfuil todhchaí ar bith roimh an Ghaeilge gan lonnaíochtaí úra /scéimeanna títhíochta a bhunú ‘ina bhfuil an Ghaeilge á labhairt mar phríomhtheanga i ngach gné den saol agus ina bhfuil an Ghaeilge mar rogha-theanga ag tromlach na ndaoine atá ag cur fúthu sa cheantar’, Gaelphobail úra, Gaeltachtaí más maith leat féin.

Is é liom na fírinne gur teanga mionlaigh mionlaithe í an Ghaeilge, nach bhfuil fearadh na fáilte roimpi nuair a labhraítear níos mó na an cúpla focal. Tá ár spás féin de dhíth orainn ina mbeadh an cumhacht againn a chinntiú go bhfuil lámh in uachtar ag an Ghaeilge, ina mbeadh an Ghaeilge ina ‘default language’.

Is trom an creideamh sin, tuigim go rómhaith cé chomh deacair is a bheas sé chun leithéidí a thógáil. Is líonmhar na deacrachtaí, tá cúrsaí airgead ann, tá pearsantachtaí ann, tá polaitíocht ann, tá easpa físe ann, tá eagla ann, agus ní sin ach an chéad chruinniú.

Tuigim féin gurbh dhoiligh an rud an dhéanamh. Níor tháinig riamh roimhe Gaelphobal úr ar an tsaol seachas Gaeltacht Bhóthar Seoighe agus Gaeltacht Ráth Cairn [Nota : B’fhéidir tithe Ghleann Mhaghair, Corcaigh a chur leis sin 27/3/12].

Mar a bheadh seancheirín bríste ann, tá mé i gcónaí ag dul don phort seo agus tá Gaeilgeoirí i gcónaí ag aontú liom ag rá – Sea, ba chóir don Fhoras agus don Rialtas sin a dhéanamh. Briseann na focail sin mo chroí gach uair a chluinim iad, focail pháiste atá iontu.

Ba fhianna neamhspleácha sinne mar Ghaeil tráth, inniu áfach ní féidir linn ach smaoineamh ar na rudaí ab chóir don rialtas is don Fhoras a dhéanamh.

Buíochas le Dia go raibh muintir Bhóthar Seoighe ábalta smaoineamh taobh amuigh den bhosca sin.

Bímis ionraic faoi agus fágaimis anseo é a chairde, níl ceachtar acu mar Fhoras na Gaeilge nó mar Rialtas na hÉireann dul Gaelphobail úra a mholadh nó a cheadú, sin sin. Is obair an phobail é. Is réabhlóid é.

Tá sampla den scoith againn mar Phobal Feirste (nó Gaeltacht Bhóthar Seoighe). Tá sé fíorbheag mar phobal, tá tuairim is 30 teaghlach ann, ach bhí tionchar as cuimse ag an phobal sin ar an phobal thart orthu, ar Iarthar Bhéal Feirste agus ar chúrsaí Gaeilge i mBéal Feirste i gcoitinne.

As Bóthar Seoighe, a d’fhás gluaiseacht na nGaelscoileanna i mBéal Feirste agus is é an Ghaeltacht seo an bunchúis leis an athneartú Ghaeilge i mBéal Feirste le blianta anuas. Níorbh dhaingean amháin é ach síol.

Deirtear liomsa i dtólamh – bhal maith thú, gabh amach agus tóg Gaeltacht. Glacaim nár thóg mé a leithead, ba bhreá liomsa go mbeadh an fhís, an misneach agus an cumas agamsa a raibh ag leithéidí Séamus Mac Seáin, chan fhuil áfach.

Ach cheánna, is mór mo dhóchas go bhfuil an cumas sin amuigh ansin i measc na nGaeilgeoir óg.

Is é scileanna gnó atá de dhíth orainn thar aon rud eile. Cá bhfios.


Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s