Alt in ‘An tUltach’

Seo alt de mo chuid a foilsíodh ar ‘An tUltach’ anuaraidh.

http://antultach.wordpress.com/2011/10/10/plean-simpli-leis-an-tir-a-ath-ghaelu/

Plean simplí leis an tír a ath-Ghaelú

Foilsithe Deireadh Fómhair 10, 2011
4

“All Politics is Local” : Tip O’Neill

Molann Ciarán Dunbar plean simplí oibre do ghrúpaí áitiúla atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn go héifeachtach ina gceantar féin.

Tá na mílte Gaeilgeoirí ann. Tá na céadta grúpaí beaga Gaeilge ann ach an chuid den am níl siad éifeachtach in aon chor.

Réiteach amháin ar an scéal ná plean oibre a chur ar fáil dóibh – plean fíorshimplí, 10 bpointe ar a mhéid, díreach leathanach amháin – chun a chinntiú go bhfuil grúpaí gníomhach agus éifeachtach go háitiúil.

Deirtear go minic ‘all politics is local’. Is fíor sin go dearbh agus is féidir an prionsabal ceannann céanna a chur i bhfeidhm ar ghníomhaíocht teanga.
Is é an rud atá á mhaíomh agam ná gurb é an gníomh áitiúil an gníomh is éifeachtaí ar son na Gaeilge i gcónaí.
Is cinnte go bhfuil dream beag daoine a bhfuil tionchar acu ar chúrsaí ar bhonn níos forleithne agus go bhfuil gá le gluaiseacht náisiúnta agus le stocaireacht náisiúnta ach is suntasaí an obair a dhéantar go háitiúil – i gcónaí.
I ndeireadh na dála, is feiniméan cultúrtha áitiúil é an t-iompú teanga.
Ó bhí tús na hathbheochana ann áfach, tá Gaeilgeoirí i gcónaí ag caint ar an rialtas agus na rudaí ba chóir don rialtas a dhéanamh, nó gníomhaireacht de chuid an stáit mar Fhoras na Gaeilge.
Is síocóis é.
Tá cultúr cruthaithe anois agus mar thoradh air, ní bhíonn daoine ag smaoineamh mar is ceart ar na rudaí arbh fhéidir leo a dhéanamh ar an talamh mar dhuine aonair agus mar chuid de ghrúpaí beaga.
Má tá muid ag iarraidh go mairfidh an Ghaeilge, caithfear an meon sin a athrú (go láithreach) agus caithfear cultúr nua bunaithe ar an fhreagracht a ghlacadh orainn féin mar dhaoine aonair agus mar ghrúpaí áitiúla agus mar phobail áitiúla.
Maidir leis na grúpaí áitiúla atá againn, glactar leis go bhfuil fios a ngnó acu ach ní fíor sin i gcónaí i mo thaithí féin.
Is minic nach bhfuil siad ag feidhmiú chomh héifeachtach agus a thiocfadh leo de bhrí nach bhfuil a fhios acu cad a thiocfadh leo a dhéanamh.
Ní bheadh siad in ann teanga a bpobail a athrú ó Bhéarla go Gaeilge, fiú más é sin an aidhm atá acu.
Cuid mhaith den am ní bhíonn ar bun acu ach ranganna de chaighdeán íseal. 
Dá dtiocfadh le Conradh na Gaeilge (agus grúpaí eile) plean simplí a chur ar fáil dá gcumainn, go háirithe cumainn úra, beart bunúsach, simplí arbh fhéidir leo a  leanúint – gan phleanáil teanga, gan ardteoiricí, gan sochtheangeolaíocht – b’fhéidir gluaiseacht níos éifeachtaí a bhunú, fréamhaithe go háitiúil agus ag feidhmiú go héifeachtach go háitiúil i dtreo Gaelphobail úra a chruthú.
Níl de dhíth ach deich líne nó mar sin mar threoir ar an chineál oibre ar cheart a bheith ag díriú isteach air.
Mar a dúirt gníomhaire amháin liom agus mé ag iarraidh comhairle don alt seo “plean A4″ atá de dhíth.
Baineann an t-alt seo leis an Iar-Ghaeltacht. Tá tuigbheáil éigin agam ar an Ghaeltacht ar an ábhar go bhfuil mé i mo chónaí ann ach níl aon chomhairle agamsa do mhuintir na Gaeltachta. Is ceist dóibh féin todhchaí a dteanga féin.
Tá rud éigin eile le cur san áireamh. Is iomadúil na fáthanna a fhoghlaimíonn agus a labhraíonn daoine an Ghaeilge ach tá an t-alt seo dírithe orthu siúd a chreideann in athneartú na Gaeilge mar ghnáth-theanga laethúil agus mar theanga pobail.
Mar sin de, glactar leis sa phlean seo thíos atá á mholadh agam gur ath-Ghaelú na tíre agus ath-Ghaelú do cheantair féin atá mar aidhm agat.
Tá dearcaidh eile ann, ach ní bhaineann siad leis an alt ná leis an chur chuige seo. Mar aon leis na pointí sa phlean thíos tá mo smaointeoireacht féin orthu.
Séanadh: Ní dhearna mise na rudaí ar an dréachtliosta thíos ná baol air ach is iad na rudaí atá á ndéanamh ag na grúpaí is éifeachtaí.

PLEAN OIBRE

1. CUMANN
Ba cheart cumann de chuid an Chonartha a bhunú, clárú le Glór na nGael, grúpa de chuid Comhluadar a bhunú, nó grúpa beag neamhspleách fiú, agus bunreacht agus cuntas bainc a bheith ag an chumann sin.
Mar: Tá neart cumann neamhspleách ann, roinnt acu ag cur síos orthu féin mar Chonradh na Gaeilge fiú. Ní féidir na grúpaí beaga seo aon dul chun cinn a dhéanamh thar bhunranganna de bhrí nach bhfuil siad eagraithe mar is ceart.
Ar ndóigh, is riachtanach bunreacht agus cuntas bainc a bheith ann chun airgead a fháil ó Foras na Gaeilge agus ó fhoinsí eile.
2. GAELSCOLAÍOCHT
Ón chéad lá, ba cheart go mbeadh grúpaí Gaeilge ag obair i dtreo Gaelscoil a bhunú. I ndiaidh tamaill, nuair a bheadh bonn faoin naíscolaíocht agus faoin bhunscolaíocht, ba cheart meánscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fáil sa cheantar.
Mar: Is cóir ceist a chur: an bhfuil Gaelscolaíocht ar fáil sa cheantar? Muna bhfuil caithfidh TUSA coiste a bhunú agus tús a chur leis an obair. Beidh an eagraíocht Gaelscoileanna agus Comhairle na Gaelscolaíochta sásta cuidiú leat ach ní féidir leo é a dhéanamh gan tusa ag obair ar an talamh. Tá cuid mhór daoine gníomhach ar dhóigheanna éagsúla ach ní gach duine atá ar son na Gaelscolaíochta nó ní shíleann siad go bhfuil sé réalaíoch sa cheantar s’acu féin.
3. RANGANNA
Caithfear a chinntiú go bhfuil ranganna éifeachtacha Gaeilge ann do gach leibhéal.
Mar: Tá sé dochreidte, ach de ghnáth, ní bhíonn ranganna maithe ar siúl ag gluaiseacht na Gaeilge. A mhalairt atá fíor. Tá daoine ag foghlaim na Gaeilge le 30 biain gan aon dul chun cinn a dhéanamh. Lena chois sin, tá neart ‘gníomhairí Gaeilge’ ann nach dtuigeann an tábhacht le Gaeilgeoirí úra a chruthú.
Creideann daoine áirithe nach bhfuil aon rud ‘réabhlóideach’ ag baint le ranganna.
Mar sin is gá ceist a chur: an bhfuil ranganna ar fáil ag gach leibhéal i do cheantar féin? Muna bhfuil, tá sé de dhualgas ORTSA iad a chur ar fáil.
4. SUIRBHÉ
Caithfear suirbhé a dhéanamh chun eolas a fháil faoi staid na Gaeilge go háitiúil. Tá an réamheolas seo riachtanach i dtólamh. Is féidir suirbhé eile a dhéanamh i ndiaidh cúig bliana nó mar sin agus beidh a fhios agat an raibh rath ar do chuid iarrachtaí.
Mar: Go minic, níl aithne ag Gaeil ar a chéile agus ní bhíonn a fhios ag daoine cé hiad na Gaeilgeoirí agus cé hiad na daoine atá toilteanach í a labhairt. Títear domsa go ndéanann na grúpaí Gaeilge is éifeachtaí suirbhé i gcónaí. Is dóigh é chun dul chun cinn a thomhas agus is gléas stocaireachta é.
5. PÁISTÍ
Má tá daoine ag tógáil páistí le Gaeilge sa cheantar, b’fhiú díriú isteach ar an dream seo a bhfuil an Ghaeilge acu mar theanga bheo. Chomh maith leis sin, is tábhachtach fios a bheith agat faoi dhaoine arbh fhéidir leo seirbhísí a chur ar fáil as Gaeilge.

Mar: Caithfear béim a leagan ar pháistí a thógáil le Gaeilge ón tús. I mo thaithí féin, faraor, is é seo an rud deireanach a tharlaíonn fiú nuair atá gach rud eile láidir.
Caithfear tógáil páistí a bheith ann ón tús, fiú roimh Ghaelscolaíocht, ní mar sprioc sa todhchaí.
Tá go leor imeachtaí ar féidir iad a chur ar fáil do phaistí: clubanna Sathairn, scéimeanna samhraidh, scéimeanna spóirt, drámaíocht agus mar sin. Caithfear an teanga a normalú ón bhun aníos.
6. OBAIR OIDHREACHTÚIL
Léachtanna, leabhráin, oícheanta eolais.

Mar: sa chéad dul síos, níl cuma radacach ar obair oidhreachtúil, ach is é an fhírinne nach síleann daoine go bhfuil an Ghaeilge tábhachtach de bhrí nach bhfuil stair na teanga ar eolas acu. Chun an nasc sin a dhéanamh idir an duine aonair agus an teanga tá sé riachtanach an stair sin a chur ina láthair: stair na Gaeilge sa pharóiste, an chanúint áitiúil, na logainmneacha agus na sloinnte áitiúla. Ní hionann grá do theanga agus teanga bheo ach is réamhriachtanas atá ann.
7. PRÓIFÍL NA GAEILGE
Is gá próifíl na Gaeilge sa cheantar a ardú, í a bheith feiceálach agus le cluinstin fán áit ag an phobal. D’fhéadfaí leabharlann Ghaeilge a bhunú, nuachtlitir a fhoilsiú, suíomh idirlín a bhunú, comharthaíocht a chur in airde, a chinntiú go bhfuil na nuachtáin agus irisí Gaeilge ar fáil sna siopaí áitiúla agus a chinntiú go bhfuil an Ghaeilge in úsáid sa Chlub áitiúil CLG.
Mar: chomh maith le stair na teanga, caithfear a chur in iúl do dhaoine go bhfuil an Ghaeilge beo mar theanga laethúil.
8. ÓCÁIDÍ SÓISIALTA AGUS CULTÚRLANN
Ciorcail chomhrá, seisiúin cheoil, oícheanta tábhairne, dioscónna, céilithe srl. D’fhéadfaí na hócáidí seo a eagrú in ionaid atá fadbhunaithe ach nach ndíríonn go speisialta ar an Ghaeilge. Is fearr arís ionad ar leith a bhunú, cultúrlann mar shampla.
Mar: Níl aithne ag na Gaeil ar a chéile. Is bunrud agus bunfhadhb é seo. Chun pobal a chothú, is riachtanach caidreamh a chothú. Níl gach duine compordach ag caint i nGaeilge, mar sin caithfear an teanga a normálú. Is féidir sin a dhéanamh trí ócáidí sóisialta fiú más rud beag bréagach iad féin. Chomh maith leis sin, cuidíonn siad chun drochnós labhairt an Bhéarla a bhriseadh. Dá mbunófaí ionad ar leith, cultúrlann mar shampla, thiocfadh gréasáin láidre teanga a chruthú thart air. Tá sé cruthaithe ag Cumann Chluain Ard, Cultúrlann McAdam-Ó Fiaich agus Club Chonradh na Gaeilge gur féidir fíorphobal a chruthú thart ar ionaid den chineál seo.
9. AN GHAEILGE MAR ÁBHAR SNA SCOILEANNA BÉARLA
Cinntigh go bhfuil an Ghaeilge á teagasc sna scoileanna áitiúla Béarla.

Mar: Níl an Ghaeilge ar fáil sa chuid is mó de na bunscoileanna Béarla ó Thuaidh, ach ní hionann é sin agus a rá nach mbeadh siad toilteanach í a theagasc. Déantar neamhaird ar na scoileanna seo go minic ach is é an fhírinne ná gur fhoghlaim na mílte atá ag úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga an Ghaeilge i scoil Bhéarla.
I mo thaithí féin, tá an-toradh ar na hiarrachtaí sa dornán bunscoileanna Béarla sna Sé Chontae ina mbíonn an Ghaeilge á teagasc.
10. LONNAÍOCHT ÚR GHAEILGE
Nuair a bheadh na céimeanna ar fad thuas curtha i gcrích, ba cheart lonnaíocht a bhunú ina mbeadh cónaí ar theaghlaigh agus ar dhaoine atá sásta Gaeilge a labhairt.
Mar: Go dtí seo, faraor, níor éirigh ach le dream amháin a leithéid a dhéanamh. Ach i mo thuairimse, ní féidir Gaeltacht úr a chruthú gan lonnaíocht. Táthar ann a dhéanann an argóint nach bhfuil gá le lonnaíocht i gcathair má tá gréasán láidir go leor ann. Beidh le feiceáil an bhfuil an ceart acu.
Is é Ciarán Dunbar Eagarthóir Gaelscéal. Riarann sé na suímh seo ar an ghréasán fosta: Cluain Daimh Gaelach; Gaeltacht Thír Eoghain agus Rathlin and Glens Irish

Advertisements

Leave a Reply

Fill in your details below or click an icon to log in:

WordPress.com Logo

You are commenting using your WordPress.com account. Log Out / Change )

Twitter picture

You are commenting using your Twitter account. Log Out / Change )

Facebook photo

You are commenting using your Facebook account. Log Out / Change )

Google+ photo

You are commenting using your Google+ account. Log Out / Change )

Connecting to %s